Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 451
- XML “Na Trí Chomhairle”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cúirte, chuir suas a lámh agus chuir ceist ar fhear an dlíghidh an leigfeadh se do-san cupla focal a labhairt sul mar gcrochfaidh an triúr fear, agus fuair sé cead sin a dheanamh. Chuaidh sé ‘un tosaigh. Sheasuigh ós coinne an bhreithimh agus thoisigh a innse caidé tharlaigh agus gur b’é sin an giota - a tarraingt amach as a phóca - agus gur b’é an cailín agus an fear óg a mharbhuigh an sean-dhuine.
Fuarthas greim ar an fhear óg agus ar an chailín annsin agus tughadh breitheamhas crochta ortha. Fuair na fir amach saor agus thug siad buidheachas mór do’n fear a leig saor iad agus bhog leo ag tarraingt ar a’ bhaile.
D’imthigh an fear n-a bhaile annsin chuig a mnaoi agus a mhac agus bhí dóigh mhaith ortha ó’n lá sin go lá a mbáis.- Bailitheoir
- Caith Ní Gallcobair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Domhnall Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 49
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall