Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’imthigh Colm a chuartughadh an fhir bhoicht. Nuair a tháinic sé go dtí é, d’aithin sé é agus cé bhí ann ach ar Slánuightheóir. Chaith Colm é fhéin síos ar a dhá ghlún, Bhí marc mór ar Cholm agus nuair a chuaidh sé síos ar a dhá ghlún bhris an marc. D’iarr Colm ar ár Slánuightheóir biseach a dheanamh do. Ghearr sé giota de’n ghéir agus rinn sé biseach do Cholm. Thug ár Sláuightheóir an ghéir do agus d’iarr sé air ‘a chur faoi bhéal pota. D’imthigh Colm ‘na bhaile agus rinn sé seo. Chonnaic an cailín é ‘a dheanamh seo agus bhí iongantas uirri. Ghoid sé crág de’n ghéir agus chuir sí faoi bhéal bamhail í.
Ar maidín thóg Colm an pota agus rath trí muca, beaga amach as faoi agus sin an rud a d’fhág muca ann ó shoin. Thóg an cailín an bamhal agus rath trí luchógaí amach as faoi, agus sin an rud a d’fhág luchógaí ann ó sóin, agus ní thig leis na luchógaí gach ar bith a fhághail le hithe ach an rud a ghoidfeas siad cionnas gur ghoid an cailín adhbhar na luchóg.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 21
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall