School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
![The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 464](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1064%2FCBES_1064_464.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1064, Page 464
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 464
- XML “Bhí an tÁdh air”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Annsin chuaidh an tríomhadh fear a chrathadh láimhe leithe, agus chuir sí ceist air cé aca b’fhearr leis an bhunnóg mór agus a mallacht ná an bhunnóg bheag agus a beannacht. Dubhairt sé gur bh’fhearr leis an bhunnóg bheag agus a beannacht. Thug sí an bhunnóg bheag do. Chuaidh ar a dhá glún agus chuir sí a seacht mbeannacht leis, roimhe agus ‘na dhiaidh ‘acha’n áit ‘a rachadh sé.
Shiubhail an triúr leo annsin agus nuair a tháinic ocras ortha, shuidh siad síos ar fhód an bhealaigh mhóir go n-íosfadh siad cuiud de na bunnógaí. Chuaidh an bheirt a ba’ sine a ithe na mbunnóg a raibh na mallachtaí leo ach ní raibh aca ach anál beathadhach agus shaoil siad go bhfuigheadh siad bás ó’n ocras. Ní raibh a’n ghreim a n,íosadh an fear óg nach raibh an bhunnóg ag éirghe níos mó, agus níos mó, agus thug sé cuid de’n bheirt eile agus d’ith siad é.
Shiubhail an triúr leo arais go raibh an neóin bheag agus deireadh an lae ann agus é ag cailleadh an t-solais. Ní raibh fhios aca cá(continues on next page)- Collector
- Anna Ní Crosain
- Gender
- Female
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Proinsias Mac Grianna
- Gender
- Male
- Age
- 81
- Address
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall