Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an tábla agus thoisigh a ithe as pláta an chailín ach ní íosfadh sise níos mó.
Nuair a bhí an dinnear thart dubhairt an frog go raibh codladh uirri agus b'éigean do'n chailín a ghabhail a luighe leithe. Ar maidín nuair a mhuscail an cailín mhothuigh sí an frog ag gabhail síos an staighre, agus bhí lúthghair mhór uirri, nó shaoil sí go raibh an frog ar shiubhal agus nach bpillfeadh sí níos mó.
Lá thar na bharach nuair a bhí sí ag a dinnear tháinic an frog go dtí an doras agus scairt si, "a inghean an ríogh, foscail an doras, agus leig isteach mé." B'éigean dithe an doras a fhoscladh agus í leigint isteach. Shuidh an frog isteach ag an tábla, thoisigh sí a ithe as pláta an chailín. Nuair a bhí a cuid ithte ag an frog, d'iarr sí ar an chailín a ghabhail i luighe leithe, agus b'éigean do'n chailín deanamh mar hiarradh uirri.
Ar maidín nuair a mhuscail an chailín chonnaic sí an frog ag amharc uirri.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Síghle Ní Grianna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall