Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fathach 'n-a chomhnaidhe tall i dTír na Sorcha fad ó shoin, agus tháinic sé anall go hÉirinn. 'Sé an rud a thug anall é, bhí sé ag éisteacht le scealthaí éagsamhaltha fá fhear a bhí i Éirinn ar b'ainm do Fionn. Bhí na daoine ag rádh go raibh Fionn 'n-a throdaidhe thar bárr agus nach dtiocfadh le fear ar bith láimh-an-uachtair a fhághail air. Bhí an fathach seo iongantach maith ag troid fosta, agus duine ar bith a raibh sé ag troid leis fuair sé an bhuaidh air.
Chuir an fathach scéala chuig Fionn ag inse do go raibh sé ag teacht agus nuair a fuair Fionn an scéala d'innis sé do n-a mhnaoi caidé 'n trioblóid a raibh sé ann. Smaointigh sise sa bhomaite ar chlease.Bhí cliabhán mór sa teach agus an lá a riabh an fathach le teacht, chuir sí Fionn sa chliabhán.
Nuair a tháinic an fathach 'am toighe chuir sé ceist ar bhean Fhinn cá raibh Fionn agus dubhairt sise go raibh sé amuigh ag seilg. Chuaidh an fathach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Roisé Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall