Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D’imthigh an bheirt fríd an choillidh. Ní dheachaidh siad i bhfad gur mhothuigh siad an callan ag tarraingt ortha. Tháinic dhá chloigeann déag ceatharnach coilleadh fad leo. D’iarr siad ortha deanamh réidh fá choinne an bháis.
“Bal”, arsa mac na baintreabhaighe, “má tá mise gabhail a fhághail bháis, ní’l mé ag gabhail a fhághail bháis ann mo throscadh”.
Tharraing sé ar an mála agus chaith sé ceann de na tuirtíní chuig ‘acha’n fhear de’n dá chloigeann déag. Annsin tharraing sé air an mála eile agus thug sé toirtín do’n stocach agus bhí ceann eile aige fhéin. Sul a raibh na toirtíní ithe ag an dá chloigeann déag thuit siad uilig marbh.
“Anois”, arsa mac na baintreabhaighe, “rachaidh muid go bhfeicfidh muid caidé’n cineal áite atá aca seo”.
Shiubhail siad leo agus tháinic siad fhad le caislean breagh áluinn istoigh i lár na coilleadh. D’fhoscail siad an doras agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall