Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cluiche
“Anois”, ar sise, “caithfidh tú trí ceisteannaí a chur orm agus mur raibh fuascladh na gceisteann agam roimh mhaidín béidh an bhuaidh agat agus pósfaidh mise thú”.
“Bhal”, ar’ seisean, “Cé mharbhuigh an dís, ná an dís a mharbhuigh an triúr, ná an triúr a mharbhuigh an dá chlaigeann déag?”
“Ní’l fios agam”, ar’ sise, “ach mar raibh mé ábalta a innse duit ar maidin tá an lá leat”.
Tháinic an luighe agus chuaidh an stocach agus mac na baintreabhaighe isteach i seomra daobhtha fhéin. Ní raibh siad i bhfad ‘n-a luighe go dtáinic bean de na cailíní óga go dtí an leabaidh a raibh mac na baintreabhaighe innti.
“Nár choir go dtabharfá fuascladh na dtí gceisteann damh a chuir do mháighistir ar an mhnaoi óig anocht”, ar’ sise.
“Bheirfidh”, ar’ seisean, “má phógann tú mé agus geallstan pósta a thabhairt damh”.
“Is doiligh liom sin a dheanamh”, ar’ sise, “agus d’imthigh sí ag tarraingt ar an doras.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Iseabal Níc Pháidín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Proinsias Mac Pháidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 41
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall