Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 508
- XML “Cailín na nGéach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cailín na nGéachDo mhair rí agus bainríogháin sa tír seo i bhfad ó shoin agus ní raibh de chloinn aca ach aon inghean amháin agus Máire a b'ainm dithe. Nuair a bhí Máire ceithre bliadna de aois fuair an rí bás agus fágadh an bhainríogháin agus Máire leo fhéin. Bhí mac ríogh ag gabhail thart lá amháin agus chuaidh sé isteach sa chaislean seo. D'innis sé daobhtha go dtáinic sé as tír i bhfad ar shiubhal. Nuair a bhí sé ag imtheacht araist thug sé ar Mháire gealltanas a thabhairt do, nuair a bhéadh sí bliadhain a's fiche de aois, go rachadh sí chuige agus é phósadh.
'Ná dhiaidh sin bhí dóigh mhaith ar Mháire agus ar a' bhainríogháin go raibh Máire bliadhain a's fiche de aois. Annsin b'eighean dithe réidh a dheanamh le himtheacht go gcoimhlíonochadh sí a gealltanas. Thug a máthair 'acha'n chineal de rudaí deasa, agus rudaí luachmhara dithe. Thug sí soithigh óir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Siubhan Níc Gioll' Easbóig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 59
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall