School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Rann na Feirsde
- XML Page 509
- XML “Cailín na nGéach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus soithigh airgid dithe. Thug sí cultacha breaghtha síoda agus bróga galanta dithe. Chruinnigh sí a cuid serbhisigh i gcuideachta a chéile agus d'iarr sí ar Mháire cailín a thaegheadh amach asta a bheirfeadh sí leithe ag imtheacht dithe agus phioc.
Bhí binn mhór ag taoibh an chaisleain a raibh na daoine beaga 'n-a gcomhnaidhe innti, agus bhí siad go hiongantach maith do Mháire. Thug siad beathadhach capaill dithe dár b'ainm an gearrán bán, agus bhí an beathadhach seo ábalta labhairt cosamhail le duine.
Thug an bhainríogháin Máire isteach i seomra le comhrádh a dheanamh leithe agus cómhairle a thabhairt dithe sul a n-imthigheadh sí. Thug sé cras bheag óir dithe agus d'iarr sí uirri aire mhaith a thabhairt do'n chrais ná dá gcaillfeadh sí í, go gcaillfeadh sí an t-ádh maith a bhí uirri. Thug an bhainríogháin beathadhach capaill do'n chailín seirbhis agus d'imthigh an bheirt leo.
Nuair a bhí siad giota fada ar shiubhal(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhubhthaigh
- Gender
- Female
- Address
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Siubhan Níc Gioll' Easbóig
- Gender
- Female
- Age
- 59
- Address
- Anagaire, Co. Dhún na nGall