Scoil: Rann na Feirsde
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Domhnall Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 526
- XML “An Dá Fhrog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sin ann agus más fada ó bhí, bhí dhá frog bheaga ann agus bhí siad mór i gceart le chéile ach ní raibh siad 'n-a gcomhnaidhe san teach chéadna. Bhí ceann acu 'n-a comhnaidhe i linn dhomhain istigh i lár na coilleadh áit a raibh gach rud comh ciúin agus comh socair, Níor bfhéidir áit ní bá deise a fhághail do frog bhig.
Bhí an ceann eile 'n-a comhnaidhe i lochan bheag i lár an bhealaigh mhóir. Leoga bhí droch áit ag an cheann seo. Bhíodh capaill agus carrannaí ag gabhail an bealach mór ó mhaidin go hoidhche agus ar an adhbhar sin bhíodh an t-uisce suaidhte, salach i gcomhnaidhe.
Lá amháin thug frog na coilleadh cuairt ar a caraid agus nuair a chonaic sí an lochan bheag shalach ann a raibh sí 'n-a comhnaidhe bhí truaighe mhór aici dithe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Shearcaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Eoghan Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 61
- Seoladh
- Anagaire, Co. Dhún na nGall