School: Rann na Feirsde
- Location:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Domhnall Ó Baoighill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a chuaidh seisean síos go tóin na fairrge shlug péist mhór é agus dubhairt sé leis fhéin gur s'iomaidh uair a chualaidh sé dá slugfadh péist mhór duine go dtiocfadh leis toiseacht ar a phéist agus í a pholladh. Chuir sé a lámh ann a phóca, tharraing amach a scian agus thoisigh an polladh aige. Nuair a mhothuigh an phéist rud éigin ag úfairt ar an taoibh istigh dí thoisigh sí air ag deanamh ar an talamh.
Rinn sé poll mór ar thaoibh na péiste agus fá dheireadh chonnaic sé an lá geal. Lean sé leis ag gearradh agus ní raibh i bhfad gur luigh an pheist istigh ar thráigh thirm. Annsin rinn an fear an poll go mór agus gur éirigh leis fághail amach as an phéist agus fuair sé lán a dhá bhonn de'n talamh arais.
Ach caidé'n áit a dtáinic an phéist i dtír ach ar oilean mhór nach raibh duine ar bith 'na chomhnuidhe ann ach daoine dubha. Shiubhail sé leis suad an t-oilean; casadh bean dhubh air agus thoisigh sé a chomhrádh leithe. Bhí...(continues on next page)- Collector
- Síghle Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Address
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall
- Informant
- Máire Ní Dhomhnaill
- Gender
- Female
- Age
- 43
- Address
- Loch na nDeorán, Co. Dhún na nGall