School: Gort an Choirce (roll number 11815)
- Location:
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall
- Teacher: Séamus Mac Giolla Easbuic
![The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 177](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1069%2FCBES_1069_177.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1069, Page 177
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gort an Choirce
- XML Page 177
- XML “Cláiríneach na Luatha”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)agus tháinig mac an tighearna comh fada leo. Chuir sé ceist an dtug an deirbhshiur cead díobhtha theacht chuig an fhéasta.
"Sé an rud a dubhairt sí linn a rádh leat-sa a theacht ar féasta ionsorainne" arsa na dearbhratharacha.
"Rachaidh mé go luthghaireach" ar seisean.
Bhi sín fá n-a choinne féasta a d'fheilfeadh do rígh. Nuair a tháinig sé ar amharc na h-áite char chuala sé a leithid de cheól aríamh a's bhi ag crann an ceoil agus leith a shiúle nuair a thug sé fá deara tobar na n-Íocshláinte a 'cur uisce na mílte 'sna spearthaibh.
Tá iongantas orm a leithid de áit a bheith comh cómhgrach damh agus gan é fheiceáil ariamh, ar seisean.
"Ní h-iongantaigh é no máthair na bpáistí seo a bheith faoi ghlas agat-sa le seacht mbliana i dteach dhubh dorcha gan dhoras gan fhuinneóig" arsa éan na cainnte. agus thoigigh sé agus s'innis sé an sgéal o thús go deireadh. Bhi a sháith iongantais ar mhac an tíghearna agus(continues on next page)- Collector
- Meadhbh Ní Gabhainn
- Gender
- Female
- Informant
- Éamonn Ó Dubhghain
- Gender
- Male
- Age
- 77