Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 229
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí drouer i nÉirinn fadó, agus bhí mac aige a bhí íontach tugtha do'n ól. Lá amháin thug an t-athair ceud bológ agus d'iarr air a dhul anois agus a bheatha a bhaint amach.”
Sgéal
Bhí drover i nÉirinn fadó, agus bhí mac aige a bhí íontach tugtha do'n ól. Lá amháin thug an t-athair ceud bológ agus d'iarr air a dhul anois agus a bheatha a bhaint amach. D'imthigh sé go Sasain leo, agus nuair a bhí sé ag tarraingt ar an bhaile mhór a áit a ndíolfadh sé an t-eallach ann, casadh sean-duine beag air agus bosca ar a dhruim leis. "Míle fálite romhat a Sheáin, mac an drover as Éirinn".
Shuigh siad agus bhí comhrádh mór acu. Caidé mar dhéanfainn-se agus tusa malairt eadar an bosca agus ceud na mbológ. "Maise", arsa jack "da measfainn go mbéadh profid ar bith ann dheunfainn sin". "Ma bheir tusa aire mhaith do'n bhosca, " arsa'n sean-duine, ní bheidh aon phóca da mbéidh ort nach mbéidh lán airgid.
Thug jack leis an bosca agus thug an sean-duine leis na bológaí. Smaoítigh Jack nuair a chuaidh sé giota beag go n-amhárcóchadh sé caidé bhí san bhosca. Bhí sin ann trí shean-duine bheaga bhána ina suidhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sorcha Ní Ghallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mághnus O Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 74
- Seoladh
- Mín an Leá, Co. Dhún na nGall