Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 264
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá mé mo chomhnuidhe i nDun an Dálaigh. Baile beag inaice le Gort-a-Choirce. Is é aimn na Paróiste, Cloch-Cheann-Fhaoilidh. Ainm na Barúntachta, Cill Mhic Neidheanain. Bheirtear i mbéarla ar an bhaile,Bedlam ach nil fhios ag aon duine ce'n fáth gur tugadh an t-ainm sin air.
Tá seacht dtighthe comhnuidhe ar an bhaile, agus tá sin le cuimhne na daoine. Níl dhá theach ar bith a bhfuil an sloinneadh ceadna ar mhuintear an toighe ach tá triúr de na teaghlaigh ( na Dalaigh) muinnteardha go maith.
Nil sé i bhfad ó fuair an áit an t-ainm Dún an Dálaigh. Duine de na teaghlaigh na Dálaigh, agus (ins an) am cur amach na daoine annseo. Bhí troid ins an teach sin idir na daoine agus péas na Sasana.
Tá cúpla sean-duine ar an bhaile. Tá sean Meadhbha Ní Fhioradhaigh agus tá sí 84 bl d'aois. Sean-bhean bheag bhreamhsanta atá inntí go fóill. Nil móran beurla aicí ach an méid atá is le naoi no deich de bliadhna le linn lucht Béarla a bheith ag stapadh ins an teach ach ní labhaireann sí beárla ar bith ach nuair nach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Meadbh Ní Fheanadaig
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 84
- Seoladh
- Gort an Choirce, Co. Dhún na nGall