Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 173
- XML “Paidreacha”
- XML “Paidreacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar ghabhail a luighe ar mo leabaidh domh. I gabhail i mbáis coladhta dom. O Dhia bheirim m-anám duit ar do aon Mac.
Coinnigh anois é, coinnigh aráist é.
Ó Íosa coinnigh a choidhche é. ceithre cóirneal ar mo leabaidh, ceithre aingle go rabh fa dtaobh de. Dia go rabh amuigh, agus Dia go rabh astoigh Dia agus Críost go rabh fa'n teach, agus ma thig a dhath orainn agus muid ar gcodladh, is í an Mhaighdean Mhuire a mhusglochas muid. Dia Mhuire fa nar ndruim, dídeann fa nar dhá bhonn, idir Bríghid agus a brat. Muire agus a Mac agus Micheal Pháis Dé Dhá láimh Dé fa nar n-anam an lá deireannach.Sorcha Ní Ghallchobhair, Caiseal -na-gCorr, Gort-a-Choirce - Éideadh a fuair mé o Mhuire peacach bocht mé. Ní fiú mé a glacadh muna rabh Críost agam ar uair mo bháis.
Gcluin sibh mé locht na scabal
na déanaidh failighe in bhur gcás.
Is truaighe sin fear i bhfad o na caraid agus é 'na luigh ar leabaidh an bháis. A dhuine bhocht gan céil na dean bréagh le Muire na h-ith(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Síle Ní Bhaoighill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Mín Doire, Co. Dhún na nGall