Scoil: Caiseal na gCorr
- Suíomh:
- Caiseal na gCorr, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Donnchadh Mac Giolla Chearr
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal na gCorr
- XML Leathanach 239
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí lanamhain an aon uair amháin agus bhí an fear na fhigheadóir. Nuair a tháinig lá bainte na mónadh, fuair an fear cúpla fear eile le cuideadh leis an móin a bhaint.”
SgéalBhí lanamhain an aon uair amháin agus bhí an fear na fhigheadóir.
Nuair a tháinig lá bainte na mónadh, fuair an fear cúpla fear eile le cuideadh leis an móin a bhaint.
D'imthigh na fir. Nuair a fuair an bhean a fear ar shiubhal thoisig sí a figdeóireacht ar an tséol agus bhris sí é. Smaointigh sí na rabh a dhath le h-innse uirthí ach an gamhain beag a bhí sa chóirneal. Mharbhuigh sí an gamhain agus chaith sí ar an tsráid é.
Bhí go maith go dtáinig an fear na bhaile, agus bhuail eagla í.
D'innis sí do goidé rinne sí. Dubhairt seisean go mbéadh sé ag siubhal leis go dtí an oidhche go bhfeicfeadh sé an rabh bean ar bith go h-amaideach leithe.
D'imthigh sé, agus cha rabh ibhfad go dtáinig sé fhad le teach. Bhí beirt bhean ann, agus bhí siad ag iarraidh an teach a thionntach. Bhí dhá dhoras ar an teach agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Sádhbha Níc Suibhne
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Prochlais, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Mícheál Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Prochlais, Co. Dhún na nGall