Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 178

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 178

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 178
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí fear ann aon uair amháin darbh ainm Seán Crás as an iachtar. Bhíodh sé ag goid airgead ó daoine a shíl sé go rabh go leór aca agus ní thiocfadh leis na gárda breith air. Am amháin bhí sé i nDoire agus rinne sé rud éiginteacht as an casan agus bhí na gárda in a dhiaidh. Bhí capaill ag na gárda agus bhí Seán ag rith ar a cois. Bhí cú leobhtha fosta agus bhí madadh níos fearr ag Seán. Nuair a rith an cú i ndiaidh Seán thiontuigh madadh Seán ortha agus marbh sé iad.
    Rith Seán agus an madadh leobhtha agus na marcaigh in a dhiaidh go dtí go dtáinig siad go abhann. Shíl na gárda na dtiocfadh le Seán dhul thar an abhann. Léim madadh Seán thar an abhann agus lean Seán é. Nuair a fuair Seán thar an abhann rith sé leis go dtáinig sé fhad le coille. Chuaidh sé i bhfolach sa coill. Nuair a tháinig na gárda fhad leis an choill thoisigh Seán ag tógail calainn. Chualaidh na gárda é agus shíl siad gur bhreith duine éiginteacht air. Bhí siad ag dul isteach go dtí’n coill nuair a tháinig Seán amach. Bheir sé air duine de na gárda agus bhain cúlaidh de agus an capall agus cheangail é do tóir. Chur sé an cúlaidh ar fhéin acht bheir gárda eile air agus thug siad go Doire é agus bhí sé le na cróchadh. An lá a bhí siad ag dul a chróchadh é d’fhiafruigh sé i nGaelic an rabh duine ar bith as Doire annsin agus ní rabh. Bhí cuid mhór airgead i bhfolach aige agus nuair nach rabh duine ar bith as Doire ann ní innseóchadh sé cá rabh sé. Fuair sé bás agus níl fhios ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Mac Lochlainn
    Inscne
    Fireann
    Aois
    61
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Dún Mór, Co. Dhún na nGall