Scoil: Carraig Airt
- Suíomh:
- Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Phaidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carraig Airt
- XML Leathanach 181
- XML “Scéal ar Naomh Colm Cille”
- XML “Próca Óir”
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)(Sgéal ar Naomh ColmCille)dtí an lá indiu gan amadán do bheith ann.
- Fad ó shoin bhí daoine i nGleann Riogh agus bhí siad iongantach saidhbhear. Bhí próca óir aca agus ní rabh fhios aca caidé'n áit a bhfagfadh siad é.
Bhí daoine dar bh'ainma lochlannaigh ag teacht i nÉirinn san am sin. Aon lá amháin chuaidh na daoine seo amach ag siubhal. Bhí na lochlannaigh ag tabhairt achan rud a bhfuigheadh siad leobhtha, agus an rud chá dtiocfadh leobhtha a iomchar dóghadh siad é.
Chualaidh na daoine i nGleann Riogh go rabh na daoine seo ag teacht acht ní rabh fhios aca caidé'n seórt daoine a bhí iontá. Chualaidh siad na sean-daoine ag radh go rabh siad ag goid achan rud. Thóg siad an próca óir mar go rabh na lochlannaigh ag teacht an bealach. Chur siad an próca óir idir dhá thóbar a bhí i nGleann Riogh agus tá sé ann go fóill. - Cómharthaí na h-Aimsire.Droch-Aimsear. Gailleann teacht na droch-aimsire ar lucht dathacha agus sean-chneadha: tagann pianta géara ortha. Iad seo go mbíonn fadharcán orra, bíonn a mbróga a luighe orra. Toisigheann éanlaithe snáimh ar iad féin do searradh agus ar a sciatháin do bhualadh agus bíonn siad ag glagarnaigh le h-áthas. Sceineann fáinleoga go hana-íseal ins an aer.(leanann ar an chéad leathanach eile)