Scoil: Carraig Airt

Suíomh:
Carraig Airt, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Phaidín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 211

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 211

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig Airt
  2. XML Leathanach 211
  3. XML “Tobar an Dúin (Tobar Dúin)”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    d'fhág daoine a fuair léigheas ag an tobar na ndiaidh mar chómharthaí dó'n dícreidmheach.
    Deirtear gurb é an tAthair Ua Fhrighill a bheannuigh an tobar seo cúpla céad bliadhain ó shoin. Innstear a lán sgéaltaí fá mar cuireadh ar bun é agus seo sgéal amháin aca.
    Is cosamhail go rabh an tAthair Ua Frighill ar chuairt chuig an Pápa sa Róimh agus ar theacht abhaile do bhí sé ag taisteal na tíre lá nuair tháinig sé go bun Charraig a' Dúin. Thug sé fa deara tobar beag annsin agus bhlais sé an t-uisge. Annsin choisrigh sé an tobar agus d'iarr sé athchuinge ó Dhia go mbéadh íocuisge uisge an Tobar ó'n lá sin amach. Mar chomhartha ó Dhia go rabh Sé toilteanach a athchuinge a thabhairt dó thainig an bata a d'fhág sé san Róimh anios fríd an tobair chuige.
    Ní shilim féin gur inchreidte an sgéal mar a h-innstear annseo é. Tá fhios ag gach duine nó gach seanchaidhe gur gnáth leis na Gaedhil sul a dtáinig Naomh Pádraig 'na tíre seo, onóir agus adhradh a thabhairt dó thobair agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge