Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Chuaidh bean uair amhain chun an aonaigh agus muc leithe. Thainig an buisteoir fhád léithe fá choinne í a cheannacht. Ní rabh moran béarla aici. agus d'fhiafruigh an buisteoir dithe an rabh an mhuc reamhar. Dubhairt an bhean leis, "Now catch the pig and feel the fat and then you will know the good muc.
Sean Sgéal
Bhí fear uasail ag dul thart uair amhain fa'n pharóiste seo agus bhí leór airgid aige. Tháinig sé fhád le teach agus d'iarr sé lóistín. Bhí luthghair ortha mar bhí fhios aca go leór airgid aige, agus ba mhaith leobhtha é a choingbhilt. Thosaigh sé a chainnt béarla leobhtha agus níor thig na daoine é, agus thoisigh siad a gháraidhe. Ghlac an fear eagla rompa. D'fhiafruigh sé dobhtha cá rabh a leabaidh. Thosuigh siad a amharc ar a cheile. Sa déireadh chuaidh sé a luighe agus codluigh sé. D'éirigh siad uilig ar maidin acht an fear uasal. "Anois" arsa an séan duine "tá sé na chodladh agus níl oiread béarla i Ros Guill agus a mhusglochas é."- Bailitheoir
- Naos Mac Laithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Chasáin, Co. Dhún na nGall