Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá gleann beag ró-aoibhinn in Éirinn
Agus baile beag talaimh sa ghleann.
Tá gárrdha beag bíodeach cois Cille
Agus cró beag ar fasgadh fan chrann.
O' b'fhearr liom bheith ag siubhal na cruinne,
Bheith ag seoladh thar sáíle ann.
Ach briseadh mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mó a ghabhail ann.
(II)Tá árdán in-aice na Cille
Agus tobar beag fíor uisge faoi -
Tá sruthán beag soillsiú ag seinm
Fé bhruach na samharcan miol (?)-bhuidhe
Agus luighinn le luthghair ag éisteacht
le binn-ghlór na gcuachann sa ghleann
Ach briseadh mo chroidhe bocht le cumhaidh
Nach dtig liom níos mó a ghabhail ann.
(III)Nach truagh mé ar thaoibh seo na mara
'Mo dheóruidhe gan beodhacht gan brigh
A' smaointeadh ar aoibhneas na h-Éireann
Measg coimhthigheacha gan carthantas croidhe.
O! Slán libh, a ghleanntaí na h-Éireann,
Agus slán libh, mo chúram is mo chró,
Nach buaidhcartha, nach brónach an sgéal é
Nach dtig liom bhur bhfeiceáil níos mó!
(M. Ní Gallchobhair as Craobhaigh)- Bailitheoir
- M. Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Craoibhigh, Co. Dhún na nGall