Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear in a chomhnuidhe i bhfad ó shoin ins na Rósaibh i dTirchonaill. Ní raibh an duine beo aige acht a mháthair. Ní raibh aige de mhaoin an tsaoghail acht bó agus beathach acht, ma raibh fhéin, bhí suaimhneas maith inntine aige.
Oidhche amháin Samhraidh, bhí sé amuigh ag cuartughadh an bheithigh. Chualaidh sé cainnt in aice leis. Seo an chainnt a chualaidh sé. "Beathach domhsa; beathach domhsa; beathach domhsa." Nuair a chualaidh séiseán seo, dubhairt sé na focla ceadna. Ní ba luaithe bhí siad ráidhte aige, ná bhí sé ag marcaideacht ar bheathach a's ás go bráth leis agus na sidheóga in a chuideachta. Tharla sé go dtainig siad go teach ina raibh cuideachta Báinfhéise, nuair a bhí siad tamall ag siubhal. Thuirling siad do na béithigh agus d'iarr na sidheóga ar an fhear a dhul isteach agus cúrsa damhsa ' thabhairt do'n mhnaoi óig a pósadh. Rinne an fear amáideach mar a h-iarradh air. Ní ba luaithe na tosuigh sé a damhsa léithe i lár an úrláir nó thuit sé marbh ag a chosa. Thosuigh an troiblóid annsin agus thainig eagla mhór ar an fhear. Chuaidh sé amach aráis arís. Bhí na sidheóga réidh le bhéith i gceann siubhal agus bhí a bheathach réidh fá na dhéin-san fosta. Dubhairt siad (na sidheóga) go dtiocfadh iongantas mór air nuair a chonnaic sé an bhean a fuair bas ins an teach leis ar a chúlaibh anois agus í(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall