Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go beo agus bhí sí ariamh. D'imthigh siad leobhtha ar chaoi ar bith a's ní raibh i bhfad go raibh siad ins an áit a d'fhág siad ar dtús. Bhí baramhail ag an fhear anois an ríogan a raibh siad ann. Léim siad de'n bheathach- é fhéin a's an bhean. Tharraing sé chuige í agus ghearr sé an Chrois Cheasta thart fa dtaoibh díobhtha. Ní raibh na sidheoga abalta theacht a gheomhair annsin ach shín fear aca fhad a's go bhfuair sé búille 'bhualadh ar an bhean san chluais. Fagadh í bodhar annsin agus gan chainnt.
Thug an fear a bhaile chuid a mhathair í. Cheistinigh sise í acht beagan a bhí aici de mar bhí sí bodhar gan chainnt. D'fhiafruigh sí do na mhac cá h-áit a bhfuair sé i acht leis an reógan a cuireadh air, ní raibh cuimhne aige.
Bhí sí aige ar feadh blaidhna agus i san dóig ar fagadh í. Bliadhain san oidhche ar tharla an rus ar tús bhí sé amuigh arís ag cuartughadh an bhéithigh. Chualaidh sé cainnt in dheas do agus seo é an cómhradh a chualaidh sé. "Bliadhain san oidhche anocht", arsa fear do na sidheóga "a ghoid an rogaire an bhean óg a pósadh ins na Rosaibh uainn." "'Seadh, go dearbhtha," arsa fear eile acu, "a's is béagan máith a rinne sí do leis an dóigh ar fhág muid ann í. "Tá sí mar sin," arsa duine eile acu, "agus dá mbeadh fhíos ag an rogaire is beag an rud a léasfadh í." "Caidé sin?" arsa duine eile acu. "Dá rachadh sé síos a's cuid de na planntaí atá 'san loch sin thíos(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall