Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 320

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 320

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 320
  3. XML “Fear na Rósaibh agus na Siógaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhaint, iad a bhruith agus cuid de'n t-sugh 'thabhairt duithe le h-ól. Bhéadh biseach uirthi. D'imthigh an fear leis a bhaile. Maidin lá ar na bharach, nuair a d'éirigh sé, chuaidh sé 'na locha, bhain sé cuid de na planntaí; bhruith sé iad agus thug sé an sugh duithe le h-ól. Ní raibh i bhfad go raibh biseach uirthi a's a meabhar aici arís. Bhí sí abalta a h-ainm a innse, ainm a h-athra agus a mathara, agus an áit ar b'as í, ach ní raibh fhíos aici caidé mar fuair sí go dtí'n áit a rabh í. Le sin, chuimhnigh an fear ar an rud uilig a's nuair a chualaidh a mháthair é, bhí fhíos aici gur reógan a chuir na sidheóga ar an bheirt acu.
    Dubhairt an bhean óg gur mháith léithe 'fhaghail na bháile. Chuir an fear an diallaid ar an bheathach, a's thug sé leis ar a chúlaibh í. Níor stad sé gur fhág sé ins an bhaile í. Bhí sé ag éirighe dorcha, nuair shroich sé 'bhaile leithe. Thuirling siad do'n bheathach a's chuaidh siad isteach go teach a h-athara. Nuair a chonnaic bean an toighe iad thosuigh sí ag caoineadh "Cad chuige bhfuil tú ag caoineadh?" ars an fear. "Tá adhbhar caointe agam," arsa sise, "na bliadhain san oidhche anocht a cuireadh nighean domh. Thuit sí marbh a oidhche a pósadh í agus mhinneóchainn mar b'é go bhfuil fíos agam go bhfuil sí marbh, gur sin í 'na seasamh annsin." "Sin í," deir an fear a's d'innis an bheirt an sgéal ó thús go deireadh. Thug a h-athair agus a máthair buidheachas mó dó annsin. Bhí féasta mór acu a's chuaidh an fear a bhaile chuig a mháthair.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ua Gallchobhair
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Doire Easa Cloiche, Co. Dhún na nGall