Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 460
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá céád bliadhain o shoin bhí cuid mhór sagart ar a seachnadh fríd Fhánaid; léígheadh siad an chéad Aifreann thiar ar Chnoc na Madadh, agus an darna Aifreann ar Chnoc na Buirne agus an triomadh Aifreann ar an Meall Ghorm agus an ceathramhad Aifreann ar Chnoc Bhaile Thaobh Rusgaidh; Carraig an Aifrinn an tainm a bhí air. Mharbh na saighduirí sagart ar Chnoc Bhaile Thaobh Rusgaidh agus chá fhachaidh na daoine a bh ag coimhead iad ag teacht.Tháinig siad isteach go Slad na bFaochóg agus tháínig siad isteach i gan-fhios. Mharbuigh siad an sagart agus thug siad leo a cheann agus fuair siad duithche mhór thalaimh.Mharbuigh siad fear ag Cnoc na Buirne darbh ainm dó Pád Racain: bhí sé ag dul na chearta le spéal a fhághail crochta.D'iarr fear de na saighdiúirí an speal air go bfeichfeadh sé an rabh sí crochta i gceart. Thug sé aon alpa amháín agus ghearr sé an ceann de.
- Bailitheoir
- Sorcha Ní Shiadhail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall