Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 461
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo an t-am a bhí na sagairt ruchailte ag cuid saighdiúirí Chromail, aimsir an Persection. Chá dtiocfadh leobhtha an t-Aifreann a léigheamh ins an t-Seipeál nó muirthí iad, agus bhí aca an t-Aifreann a léigheamh i n-áit uaigneach, amuigh faoi'n spéir.Bhí sagart Domhnach amháín a léigheamh Aifreann i gcúl Chnoc-Baile-Thaobh-Rúsgaidh. Tháinig trí saighdiúirí isteach i gcap ortha dárbh ainm, Séon Delap, Séon Cuinnighham, agus Séon Sproule. Marbh an trí Séon an sagart agus an méadh a bhí i láthair ag an Aifreann ach bean amháin. Luigh sí idir beirt a bhí marbh gur cuaduigheadh í le fuil. Shíl siad go rabh sí marbh fosta.Theich fear amháin nuair a bhí siad uilig marbh dárbh ainm do Séan Ó Siadhail agus léan na saigdiúirí é casán na fairrge agus bheireadh air istoigh i sgeilpe sa bhinn. Bhí an sgeilpe fairsinge ar íochtar agus chuan ar uachtar agus chuir fear de'n na saighdiúirí a ghunna treasna ar mhullach na sgeilpe. Chuir siad rópa ar an ghunna agus chroch siad an fear thíos ins an sgeilpe. Baisteadh "Sgoilt an Duine," ar an áit. Tá a gcuid cnámha le fághail san gainimh agus a gcuid Chóróineach Mhuire agus na cnaipe a bhí air a gcuid éaduigh le fághail ó'n lá sin go dtí an lá atá ann indiú.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Dhorráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Feicheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall