Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 157
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear na chomhnuidhe thiar i mbaile na Carraice am amháin agus bhí sé pósta.”
(ar lean ón leathanach roimhe)sí go bog binn fhad is bhí an fear faoí chlár ach níor bhfuil toit tobaca é le taoib an rodach a rinne sí ag an uaigh. Annsin nuair a bhí an uaigh cóirighte d’imthigh gach duine ag tarraingt ar an bhaile. Bhí teach leanna ar an bhealach ag teacht dóibh agus chuaidh gach duine isteach go n-ólfadh siad snáthadh. Chuaidh an bhaintreabhach isteach mar dhuine. Imeasg na ndaoine do chuaidh isteach bhí gréasuidhe bróg. Bhí an bhaintreabhach ag caoineadh léithe agus cuid de na comhursanaigh ag iarraidh a bhéith ag cur céille inntí agus ag iarraidh [?] uirthí stad. Sa deireadh chuir an greusaidhe a ladhair fhéin ann. “Arú” arsa seisean, “craith suas tú féin agus stad (o) a chaoineadh tá an fear sin marbh agus ní thig leatsa é a thabhairt arais”. “Thig leat mise a phósadh agus béidh dóigh bheag leachanta orainn araon” Ó ní chluinfeadh an bhaintreabhach iomrádh arbith air i dtús báire agus sa deireadh thiar thall thug sí isteach é a phósadh. Dimthigh an bheirt ag an t-sagart annsin le iad dó phósadh óir (dao) phosaidh daoine am arbith san am sin. Ach ní rabh ann ach é gur phós an sagart agus ní phósadh ach go bé gur(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éichthighirn
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall