Scoil: St Columba's, Buncrana
- Suíomh:
- Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Eoghan Ua Gallchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An dóigh a bhfuair Kinnego a ainm.
Ag deireadh na h-ochtmhadh h-aoise déige nuair a bhain na h-Éireannaigh úsaid mhór as na pící i gcath ,bhí gabha na chomhnuidhe ins an áit seo agus sé a bhí ag deánamh na bpící do na saighdiuírí.
Bhí an cheardcha deántta aige istigh imeag dornán tor. Lá amháin thainig saighdiúirí na Sasana an bealach . Sul ar mhothuigh sé bhí siad istigh sa mhullach air agus é ag obair go dian díceallach ag deanamh na bpící.
Thug siad amach taobh amuigh don teach é agus dubhairt siad leis go rabh siad ag dul a bhaint an chinn dó.Dubhairt séa leó go bhféadfadh siad é a chur chun báis acht nach bhfuigheach a theine bás a choidhche.
Ní thug na saighdíuirí caoi ar bith dó acht tharraing fear aca a chlaidheamh agus steall sé an ceann dó.Ó n lá sin go dí an lá indiu toghar an t-ainm Kinnego nó Ceann an Ghabha ar an áit.Go minic ins an Gheimhreadh deirtear go n-éirigheann solus ins(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mr Harry Mc Laughlin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall