Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0010
- XML “Páidín agus an Rí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Páidín agus an Rí (continued)
dhe thart timcheall na tíre.
Lá ar na bhárach bhí air dhul go dtí sgioból i mbaile mór agus ba leis an Rígh é bí air deich dtonna cruithneachta thabhairt abhar chuig an rí. Thug an Rí sean-láir agus sean-chairt dhó leis an gcruithneacht thabhairt abhaile. Nuair a bhí na deich dtonna thuas aige. Bris dhá-leat-laidre na cartach. Ní dhearna sé acht an sean-láir agus an sean-cairt a chur isteach sa sgioból agus chuaidh sé suas go dtí an Duga agus bhí sé ag féachaint ar na slabhraí móra bhí ag ceangailt na long. Thug sé dhá cheann de na slábhraí leis agus chuir sé thart timcheall an sgiobóil iad, ansin chuir sé píosa ar a ghualainn agus tharraing sé an sgioból go dtí pálas ar ríogh. Nuair tháinic sé. Chonaic an Rí go raibh sé an-láidir. Dubhairt an Rí leis go gcaithfeadh sé é a chuir as an obair. Dubhairt sé freisin go gcaithfeadh sé dhul go h-Ifrinn mar bhí dearbráthair an ríogh ann. Chuaidh Páidín go h-Ifreann agus d'fiafruig sé dehn diabhal dearbhrathair an ríogh a chur amach chuige 'Níl fhios agam an bhfuil a leithead ann chor ar bith', ar seisean, 'pioc amach thú féin é'
Cuaidh Páidín isteach is is thiomáin sé na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gráine
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Gráine
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe