Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0012
- XML “Scéal - An Fíodóir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Máirtín Ó Cómhdhain, Luimneach, Corandolla, Gaillimh.
Ón-a athair
Pádhraig Ó Cómhdhain.Sgéal An FígheadóirBhí fear ann fadó agus bhí sé in-a fígheadóir. Bhí a bhean agus a inghean in-a gcómhnuidhe 'san teach leis. Cailleadh fear an tighe agus thosuigh an inghean ag fígheadóireacht. Phós sí feilméar agus bhí páiste amháin acu agus bhí ríméad mór orra as an bpáiste.
Bhí an fear ag obair amuigh 'sa ngort lá amháin agus bhí a bhean istigh ag fígheadóireacht . Héis tamaill chuala an fear go leor caoineadh istigh sa teach. Rith sé isteach go tapaidh agus d'fhiafruigh sé cé'n fáth an caoineadh. Dubhairt an bhean leis go ndeachaidh an crann-spól in-gar do'n pháiste bhí sa gcliabhán.
D'fhiafruigh sé dhi ar bhuail an crann-spól an páiste agus dubhairt sí nár bhuail. Ghléas fear an tighe é féin agus dubhairt sé nach stopfadh sé bhfuigheadh sé duine eicínt chomh dithchéille le n-a mhnaoí. Bhí sé trí lá ag siubhal agus héis trí lá chuaidh sé isteach i dteach táilliúra. Bhí an táilliúr agus fear eile istigh roimhe. Bhí an tailliúr ag iarraidh an fear eile chur síos i mbríste nua le slaitde léim. "Stop sin," ars an fear tháinig isteach, "Tabhair dom an bríste agus cuirfidh mé air é níos fusa". Rug sé ar an mbríste agus tharraing sé suas ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máirtín Ó Cómhdhain
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Luimneach Thiar, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Cómhdhain
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Luimneach Thiar, Co. na Gaillimhe