Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0050
- XML “Diarmuid agus Bloc”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Diarmuid agus Bloc.
Timcheall céad ó shoin i mBaile na gaoith[e] bhí bloc mór daire cois teine i dteach. Bhí sé ann le na bliadhanta agus agus [!] daoine in-a shuidhe air gach uair 'san oidhche. Aon oidhche amháin tháinig fear an tighe isteach agus d'fhiafruigh na daoine a bhí 'sa teach ar chuala sé aon sgéal. Dubhairt sé gur chuala sé guth suas ag Loch-an-Fhuar ag rádh "An bhfaca tú Diarmuid," "Is mise Diarmuid," ars an bloc, "tá mé annseo le seacht mbliadna agus tá sé in-am aca teacht go m'-fhiafruighe agus mar sin d'eirigh an bloc ar chosamhlacht duine agus shiubhal sé amach.- Faisnéiseoir
- Liam Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Chathasaigh, Co. na Gaillimhe