Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0090
- XML “Sionnach Glic”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sionnach Glic.
Bhí garradóir i dteach Caisleán Áicéid agus dubhairt sé go raibh sé amuigh maidin amháin agus chonnaic sé sionnach agus é ina luighe shuas ar sgeach agus é marbh mar dheadh. Bhí na snaig-breac ag piocadh a shúile agus ag eitill thart timcheall air agus gan faitchios ar bith orra. Héis tamaill léim an sionnach de phreab agus rug sé ar ceann de na snaig-breac. Dubhairt an garradóir nach bhfaca sé rud déanta chomh glic sin ariamh.
Bhí fear dar b'ainm Séamus Ó Laighléas ina chómhnaidhe i gCill-Gill fadó. Oidhche amháin dhúisigh sé agus chuala sé na cearca ag glaodhach agus ag sgreadach. D'eirigh sé agus chuaidh sé amach agus fuair sé an phice. Chuaidh sé isteach i mbothán na gcearc. Chonnaic sé sionnach caithte. Chonnaic sé sionnach caithte [!] ar an urlár agus marbh "Tá tú marbh, a buachaill", ar seisean agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe