Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0095
- XML “Tairgín Dómhnall Cam”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tairgín Dómhnall Cam.
Bhí buachaill bó ag na Sgiréid i mBaile-an-Dubh fadó. Bhí sé ag féachaint in-dhiaidh an stuic. Dómhnall Cam an t-ainm a bhí air. Tá lorg a thighe ann fós. Thuit tarbh ó'n spéar agus dhair sé budóg a bhí ag na Sgiréid. Bhí leabhra ag Seán Sgiréid agus léigh sé ionnta go dtuitfheadh é seo amach. Bhí ins an leabhair freisin an chéad duine a d'ólfadh bainne na bó seo héis beirthe go mbeadh fios aige. Dubhairt Sgiréid le Dómhnall aire maith a tabhairt gan a laogh a leigint le bainne na bó a ól. Oidhche amháin rug an bhó agus thóg Dómhnall an laogh uaithe. D'ól sé fhéin an baine agus bhí an fios aige. Maidin lá ar na bhárach dubhairt sé leisan Sgiréid gur rug an bhó. "Ar thug tú an laogh uaithe ar seisean. "Thug", adeir Dómhnall. Chuaidh Sgiréid amach agus d'ól sé an baine acht má d'ól fhéin ní raibh aon fhios aige. Ag Dómhnall a bhí sé. Héis sin nuair a teastuigh fios ó'n Sgiréid ceistnigh sé Dómhnall(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Cuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe