Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0104
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt an fear leis imtheacht chomh tapaidh is bhí sé in-ndhan. D'imthigh an mada acht dubhairt sé nach mbeadh aon ádh ag an bhfear. Nuair a bhí a sháith ithte ag an bhfear d'imthigh sé leis go teach feilméara. D'fhiafruigh an feilméar air an bhfanfadh sé tamaill ag obair leis agus dubhairt sé go bhfanfadh. Lá amháin bhíodar amuigh ag obair. Bhuail an feilmear a shlat in-aghaidh cloiche agus d'ionntuigh sé go dtí cloch. Dubhairt an mac eile go raibh sé in-am dhó imtheacht agus dubhairt a mháthair go ndéanfadh sí dhá cháca dhó ceann mór agus ceann beag.
Lá ar na bhárach bhí na cácaí déanta agus d'fhiafruigh sí dhe cé aca a bfheárr leis an cáca mor agus a mhallacht agus an cáca beag agus a beannacht. Dubhairt sé go tdóigfeadh sé an cáca beag agus a beannacht. Nuair a bhí sé ag imtheacht sheas a mháthair ar bhalla agus bhí sí ghá bheannachtú ag imtheacht Ag am dinnéara shuidh sé síos agus d'ith sé a sháith de'n chíste. Tháinig sé go dtí an sruthá[n] céadna agus tháinig madadh beag suas as agus d'fhiafruigh sé ar an bhfear píosa de'n císte a tabhairt dhó. Thug sé dhó e(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Mac Aodha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Baile Uí Chathasaigh, Co. na Gaillimhe