Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0121
- XML “Aimsir na Géarleanúna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá cloch na h-altóra i dtalamh Ricard De Búrca i gClúid. Bhíodh an t-Aifreann léighte ann in aimsear Seán a t-sagairt. Séard a bhí i Seán droch-bháile agus bhíodh cúig punt lé fághail aige ó na Sasannaigh ar chuile cloigeann sagairt a gheobhadh sé. Tá áit eile i gCorrandulla a tugtar poll na mionán air agus bhíodh an t-Aifreann léighte ann freisin in aimsear Seán a tsagairt. Bí sagart óg gléasta i gculaith fir tíre agus é mar buachaill aimsire ag na Dómhnallan i Sídhlán in aice Tuaim. Bhiodh sé ag léigheadh Aifreann síos in gclais ar chúl séipéil teamphuill na mbráthair. Clais an Aifreann a tugtaoí air. Bhí sagart eile ina chomhnaidhe in-aice le loch Corrib agus bhí dearbhsúir de Sheán a t-sagairt ina bhean tighe aige. Bhí sé fhéin agus an séiplíneach ag dul amach go h-oileáin a bhí i Loch Coirrib agus bád(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe