Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0139
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)grian is mar toil Dia a bhéas an lá.
Bíonn siad ag magadh fúmsa nuair a bhainm an fóghmar glas acht bímse ag magadh futha nuair a imthigheas an gráine as. Ní furasta ag feodaighíl agus ithe mine. Is minic a báthadh bó in áit teine.
Ní bhíonn aon caorach ar cloich reatha.
Bíonn chuile madadh beag go teann ag a dhoras féin.
Floscaigh mór an póca folamh.
Is deacar an sean fhocal a shárú.
Do sgaradh an madadh le cruinneadh an chnámh acht ní sgaraidh an ghangaid as croiche na mná.
Rud is luath ná an breith údar shábhar.
An té a dteigheann cáil mochoirghe amach air ní miste dhó codladh go tráthnóna.
An té a bhíon's buailte 'sa gceann bíonn faitchíos air.
Ni teigheann an stoirm thar an Dómhnach nó gála thar a Céadaoin.
D'itheadh muc ciúin truisg.