Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0143
- XML “Na Fianna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dubhairt sé leis nach raibh siad in-ann an gléas arm a fhághail. "Déanfaidh mise gléas díobh" adeir an fearín, "tá mo cheárdhcha i bhfad uaim agus caithfidh sibh chonnéal suas liom go shroichfaidh mé an cheardcha. "Maise tá an diabhal ort", adeir Fionn nó coinneóchadh Caoilte suas leat". Bhíodh cos amháin ceangailte suas ag Caoilte mar dá mbeadh úsáid an dá chos aige choinneóchadh sé suas leis an ngaoith. D'fhosgail sé an téid a bhí ag cheanngailt a choise eile agus thosuigh an rith idir an fearín beag agus Caoilte. Nuair a bheadh an fearín ar bhárr chnuic bheadh Caoilte ag an mbun agus nuair a bheadh Caoilte ar bhárr chnuic bheadh an fearín beag ins an gleann. 'Sa deireadh d'imthigh an fearín as a amharc. Connaic Caoilte sgeach bheag agus chuaidh sé go dtí í. Chuala sé torann beag faoí an sgeich agus chonnaic sé fear ag séideadh na builg. Céard a bheadh ann acht an fearín beag. Rinne sé gléas airm do na Fianna agus thug siad abhaile iad.
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe