Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0152
- XML “An Chailleach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teacht leis an gcaora agus dubhairt sé, "Bhfuil sí reamhar." Ní túisge a chuala an fear é sin ná leig sé síos an mála agus as go bráth leis. Léim an chailleach suas as an mála agus thosuigh sí ag rith agus bhí sí 'sa mbaile roimh an fear. As sin tháinig an sean-fhocal, "Nuair is cruaidh do'n cailleach caithfidh sí rith."Bhí fear agus a bhean go [!] ina gcómhnaidhe san áit seo. Bhí an thar aca dul ag an margadh. Lá amháin bhí siad ag dul ann agus chonnaic siad crainín an-dheas. Dubhairt sé leis an bhean da mbeadh an crainín ann nuair a bheadh siad ag teacht abhaile go mbainfeadh siad é dá mbeadh siad in-ann. Bhí sé ann ag teacht abhaile dóibh agus bhaineadar é agus thugadar leo abhaile é. Chuir siad 'san ngarrdha é agus thosuigh "wallnuts" ag fás air. Bhí siad an coimhéadach leis na Walnuts agus thosuigh an fear ga choinneál. Nuair. Nuair [!] a bhí sé ag fághail bháis d'fhág sé le n-a udhacht pilúr de na Walnuts a chur faoí n-a chloigeann 'sa gcónra. Bhí triúir buachaillí dathamhla 'sa tóramh agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe