Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0026

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0026

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0026
  3. XML “Leigheasanna”
  4. XML “Bréagáin agus Caitheamh Aimsire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    áit bheadh an tinneas fiacla imthigthe ar mhaidin lá ar na mhárach. Tá teanga sionnaigh go maith chun dealg do tharraingt amach. Leighis eile le tinneas fiacla is eadh méar duine caillte a chuimilt do'n fhiacail tinn agus ní bfuigheadh an duine a dhéanfadh sin tinneas fiacla go lá a bháis. Leighis le h-aghaidh na fáirtíní is eadh má thagann duine ar uisge i gcarraig agus gan a bheith ar a thóir agus an fháirt a chur isteach san uisge agus a rádh le linn a chur san uisge "Ní ar do thóir atá mé acht le congnamh Mhic Dé go leighiseóchadh tú mé. Ta cloch i mBaile na Cloiche agus tá clais san cloic agus bíonn uisge ann de shíor. Fadó nuair do bhíodh fáirtíní ar na daoine do théighidís go dtí an áit agus do leighiseadh an t-uisge na fáirtíní dhoib. Leighis mhaith le h-aghaidh pian i gcluais duine ná olann caorach ndubh do chur leis an gcluais tinn. Leighis le h-aghaidh bolg dé is eadh braon de bhainne chapaill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhíodh go leor bréagán ag na daoine san áit seo fadó. Bhíodh na cailíní óga ag déanamh slabhraí agus coróinneacha de nóiníní agus bláthanna eile measctha tríotha. Ghníodh siad báid bheaga agus chuireadh siad amach ar an fhairrge iad agus bhíodh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge