Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)

Suíomh:
An Garrán, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0033, Leathanach 0018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Garán
  2. XML Leathanach 0018
  3. XML “Cruatan”
  4. XML “An Doineann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    bheathadh go fóill acht tá an súil sin caillte aige anois. Aon uair amháin bhí fear ag dul amach go h-Árainn i mbád. Nuair a bhí sé píosa amuigh ar an bhfairrge d'éirigh stoirm mhór. Caitheadh amach [?] san fhairrge é. Chonnaic sé carraig agus rug sé greim uirthi. D'fhan sé annsin go dtí go dtáinic daoine eile amach chuige i mbád eile. Bhí sé sé h-uaire amuigh ar an gcarraig nuair a sábháladh é. Chuaidh an bhád féin síos go tóin na fairrge.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a bhionn na h-eanlaith ag eitealt go h-íseal deirtear gur comhartha báistighe é. Is comhartha báistighe freisin na sléibhte a fheiceál go h-an ghar dhuit. Ní comhartha maith bogha leac a fheiceál ar maidin. Nuair a chídhtear na géadhanna fiadh ag eitilt adtuaidh deirtear gur comhartha seaca é. Má bhionn dath gorm ar an teine deirtear gur comhartha báistighe é sin freisin. Nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh ó'n deisceart deirtear gur comhartha báistighe é. Nuair a bhíonn an ghaoth ag séidedh ó'n oirthear bíonn sneachta ann. Nuair a bhíonn an cat i na shuidhe in aice leis an teine bionn droc aimsear ann. Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag teacht isteach ó'n fhairrge is comhartha báistighe agus droch aimsear é. Nuair a chídhtear an sughaidh ag tuitim deirtear gur comhartha báistighe é. Nuair a bhíonn an madadh ag ithe féir bíonn droch aimsear ag teacht. Má bhíonn na crotaigh ag sgreadaghail um thráthnóna
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. próisis agus feiniméin
      1. doineann (~1,727)
    Teanga
    Gaeilge