Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0032
- XML “An Drochshaol”
- XML “Cluichí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)talamh do chaitheadh sé iad amach ar thaobh an bhóthair agus fuair a lán daoine bás mar gheall ar sin. Ba mhinic i n-aimsear an ghorta do dhúnadh muinntir an tighe an doras agus gheibheadh muinntir an tighe bás istigh san tigh. 'Sé an dubhachán a tháinic ar na fataí acht ní raibh a fhios ag a lán daoine gurbh'é sin a bhí ar na fataí.
- Tá a lán cluichí ag na daoine thart timcheall na h-áite seo. Bíonn na páisdí óga ag imirt dallóg. 'Sé an chaoi a imrigheann siad é ná cuireann siad dallóg ar shúilibh páisde agus bíonn an pháisde sin ag iarraidh breith ar pháisde eile. Is minic nach mbíonn an pháisde i ndon breith ar pháisde eile go ceann i bhfad act is annamh a theipeann air bhreith ar pháisde eile. Cluiche eile a imrigheann na páisdí is eadh fáinne a dhéanamh agus annsan ritheann páisde amháin i ndiaidh páisde eile idir na páisdí eile. Bíonn na cailíní óga ag déanamh fáinní de nóiníní agus gléasann siad iad féin leo. Bhíodh na fir óga ag caitheamh meadhchan fadó. B'é an fear do b'fhearr le meadhchain do chaitheamh ná Míchéal Breathnach. Bionn na páisdí óga ag luascadh freisin agus bíonn siad ag imirt ar an mhaide corrach.(leanann ar an chéad leathanach eile)