Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 'Sé Naomh Cáimín naomh patrún an cheanntair seo. Bhí cill ag Naomh Cáimín agus bhí an chill suidhthe i n-aice leis an roilig atá san áit ar a dtugtar Cill Cáimín air anois. Tá foirgnidhthe an chill le feiscint go fóill. Leighis Naomh Cáimín go leór daoine agus bhíodh sé ag freastail ar dhaoine a bhíodh breóidhte i gcomhnuidhe . Bhí Naomh Cáimín go h-an cinéalta ar na bochtaibh. Leighis sé duine darbh ainm dí Maighréíd Ní Fhathaigh. Bhí cos tinn aici agus dubhairt Naomh Cáimín cúpla paidir agus leighis sé í agus bhí an chos chómh maith agus a bhí sé ariamh roimhe sin. Bhí lámh breóidhte ag duine eile freisin agus leighis Naomh Cáimín é agus deireann na daoine atá i na gcomhnuidhe san cheanntar seo gur leighiseadh lámh an duine sin go h-an tapaidh. Tá falla tart timcheall ar Thobar Cháimín agus fághann na daoine atá i n-a(leanann ar an chéad leathanach eile)