Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0072
- XML “An Gabha agus an Cheárta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl acht aon cheardcha amháin san cheanntar seo. Sé an gabha gur leis é ná Tomás ó Maidín. Bhí a athair i n-a gabhainn roimhe. Tá an cheardcha suidhte i gCill Cháimín i n-aice na fairrge. Tá ceann (ádhaid) ádhmaid ar an gceardchain agus tá tarra curtha ar an adhmad. Tá dhá fhuinneóig ins an gceardchain. Tá cuma donuilleógachar an doras agus tá dath dubh air. Déanann an gabha rudaí as iarann. Cuireann sé an t-iarann ins an teinidh. Séideann sé an teine leis na builg. Nuair a bhíonn an t-iarann dearg beireann sé greim air le teanchair. Cuireann sé an t-iarann ar an innóin agus tosuigheann sé 'gá bhualadh leis an órd. Bíonn sé ghá búladh leis an órd go mbíonn an cuma ceart ar an iarann. Cuireann an gabha cruidhte fé chapallaibh. Tógann sé crúb an capaill idir a dhá ghlúin gearrann sé í agus cuireann sé an cruidh te anuas uirrí. Annsin buaileann sé na tairngí isteach le casúr. Ní ghortuigheann sé crúibh an chapall mar ní cuireann sé aon tairnge i mbeo na coise. Siad na h-úrlisí a bhíonn ag an ngabhainn i mbun(leanann ar an chéad leathanach eile)