Scoil: Garán (uimhir rolla 11721)
- Suíomh:
- An Garrán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Seán Breathnach Domhnall Ua Ríoghbhardáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Garán
- XML Leathanach 0015
- XML “Tomhaiseanna”
- XML “Seanchas i dtaobh na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Cia aca an ghé ghlas nó an ghé bhán an gandal.
Nil ceann ar bith aca. - Nuair a chídhtear an sughaidh ag tuitim deirtear gur comhartha báistighe é. Nuair a thosnuigheann sé ag cur báistighe roimh a seacht stadann sé roimh a h-aon déag. Nuair is féidir le na daoine na sléibhte atá an fada uatha a fheiscint go soiléir béidh sé ag cur báistighe i gceann uaire nó mar sin. Ní comhartha maith bogha leac a fheiceál ar maidin acht is maith an comhartha bogha leac a fheiceál um thráthnóna. Is comhartha báistighe an sughaidh a bheith ag tuitim. Nuair a bhíonn an ghaoth ag séideadh ón deisceart bíonn báisteach ann. Nuair a bhíonn na h-éanlaith ag eitealt go h-árd deirtear gur comhartha maith é acht is comhartha báistighe é iad a bheith ag eitealt go h-an gar do'n talamh. Is comhartha báistigh dath uaithne a fheiceál ar an ngríosach. Nuair a bhíonn an chat in a shuighe cois na teine is comhartha é go bhfuil droch aimsir ag teacht. Má bhíonn na crotaigh ag sgreadaghail um tháthnóna, beidh stoirm mór ann lá'r na mhárach. Nuair a chídhtear an sughaidh ag tuitim deirtear gur comhartha báistighe é. Má bhíonn dath gorm san teine deirtear gur comhartha báistighe é sin freisin. Is comhartha báistighe freisin na sléibhte fheiceál go h-an ghar dhuit. Is an - mhaith an ghrian a fheiceál ag dhul faoi go h-an dearg. Nuair a bhíonn an gealach agus na réalta le feiceál go soiléar ar an spéir bíonn sioc ar an aimsir. Ní maith an comhartha na géadhanna(leanann ar an chéad leathanach eile)