Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'imthigh leis bealach eile go dtug sé an mhuc isteach 'ag an nGaduidhe Dubh. 'Go mairidh tú t'fiacha' arsa Jack. 'Tá sin agat orm' ars' an Gaduidhe Dubh. Mharbhuigheadar an mhuc agus d'itheadar a ndóthain dí.
Lá ar 'na bháireach aríst bhí an Gaduidhe Dubh 'na shuidhe ag an bhfuinneóig agus Jack in aonfheacht leis agus chuaidh an fear céudna thar an doras, a chuaidh thairis an lá roimhe sin agus muc aige, chuaidh sé thar an doras an lá seo agus caora aige. 'Gabh amach agus goid an chaora sin ó'n bhfear sin' arsa Jack leis an nGaduidhe Dubh. 'Tá tú ag ceapadh má d'éirigh leat indé go n-éireóchaidh sé leat aríst indiu' ars an Gaduidhe Dubh. 'Cén geall a chuirfeas tú liom' adeir Jack. 'Cuirfidh mé deich bpunt leat nach ngoidfis í' ars' an Gaduidhe Dubh. 'Tá sé 'na mhargadh' arsa Jack. 'Tá' adeir an Gaduidhe Dubh.
Amach le Jack agus maide aige agus ghearr sé an t-aithghiorra ar fhear na caorach. San áit chéudna ar cheangail an fear an mhuc an lá roimhe sin thosaigh Jac ag cartadh. Bhí cosa na muice aige agus chuir sé a lorg san áit agus annsin d'imthigh sé isteach san gcoill ag gnúsacht is ag cartadh. Nuair a tháinig an fear go dtí an áit seo d'airigh sé an gnúsacht san gcoill agus chonnaic sé an cartadh agus lorgaí cosa na muice. 'Á' ar seisean, 'seo í mo mhuc a d'imthigh uaim indé,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe