Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)níor chorruigh sí as seo". Cheangail sé an chaora den chrann céudna agus isteach leis ar thóir na muice. Nuair a fuair Jack imthighthe isteach é árduigheann sé leis an chaora go dtí an Gaduidhe Dubh.
An tríomhadh lá chuaidh an fear céudna thar an doras agus cliabh ime aige. 'Goid an cliabh ime ó'n bhfear sin' arsa Jack leis an nGaduidhe Dubh. Cuirfidh mé leath-chéad punt leat nach ngoidfidh tú féin an t-im uaidh' ars an Gaduidhe. 'Tá go maith' arsa Jack. 'Bíodh sé 'na mhargadh'. D'imthigh Jack leis agus san áit chéudna aríst thosaigh sé ag méighleach is ag gnúsacht. 'Seo iad mo mhuc agus mo chaora' arsan fear. 'Dar fiche fiadh ar chaoi ar bith' ar seisean leis an gcliabh ime 'ní corróchaidh tusa as sin'. D'imthigh leis isteach san gcoill agus nuair a fuair Jack imthighthe é árduigheann sé leis an cliabh ime go dtí an Gaduidhe Dubh. "Go mairidh tú t'fhiacha' arsa Jack leis an nGaduidhe. 'Tá sin agat orm' ars an Gaduidhe.
'Cuirfidh mé céad punt leat nach ngoidfidh tú an fáinne pósta de mhéar mo mhná anocht gan aon fhios aice air' ars' an Gaduidhe Dubh 'agus beidh 'rebholbhor' agam-sa chun tú a chaitheamh má fheicim ag teacht thú'. 'Cuirfidh mise céad punt leat go ngoidfidh' arsa Jack. Nuair a chuadar a chodhladh d'éirigh Jack go réidh agus chuaidh sé amach. Chuaidh sé go dtí an roilig agus thóg sé aníos fear nach raibh i bhfaid curtha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Bairbre Bean Uí Maoil Eóin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Baintreach (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Ros an Mhíl, Co. na Gaillimhe