Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé an bhróg dó. Nuair a bhí an bhróg réidhtíghthe aige thug an feilméara píosa óir dhó. Tá an iomarca airgid annsin adeir Cromail. Ní raibh aon fhonn ar Chromail é a ghlacadh acht mar sin féin ghlac sé é.
D’imthigh leis an bhfeilméara agus bhí sé ag siubhal thart nó go dtí lá ar na bhárach agus fuair sé Cromail san áit cheadhna ag imirt pinghneacha. Thuit an rud céadhna amach mar thárla an lá roimhe sin. Chuir sé caoi ar an mbróig eile dhó agus thug an feilméara píosa eile óir dó. Dubhairt Cromail go raibh níos mó tugtha uaidh aige ná mar bhí déanta dó, acht go mb’fhéidir go ndéanfadh sé rud fóghanta dó amhach annseo. “Aon rud amháin (annseo) atá mé ag iarraidh ort” adeir an feilméara. “Dá dtiocadh sé san saoghal choidhche go mbeitheá-sa ag tógáil na talmhan ó na feilméaraí móra bheadh súil agam go bhfághfá in mo sheilbh féin mise”. “Cén chaoi a dtiocfadh sé san saoghal go mbeinnse ag baint taltaí amach ar an gcuma sin” adeir Cromail. “Dá dtiocadh sé san saoghal go mbeadh”. “Ó “dá dtiocfad” adeir Cromail, “ní raibh aon cháll faitchios dhuit”. Thug Cromail páipéar sighnáilte annsin don fheilméara agus d’imthigh sé leis abhaile.
Faoi cheann tamaill chuaidh Cromail san arm agus bhí sé ag árdú i bpostanna móra nó go dtáinig sé sa deireadh go raibh sé ag tógáil taltaí ó mhuinntir na h-Éireann. Tháinig sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe