Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0014](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0014.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0014
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)teach Rígh in aice léithe agus bhí searbhóntaigh ag an Rí. Bhí crann cnódhanna ag fás i ngarraidhe na baintreabhaighe i n-aice an tighe agus thighead searbhóntaigh an Rígh gach oidhche ag baint na gcnodhanna. Ní raibh fhios ag an gcailleach é seo ar chor ar bith. Aon lá amháin dubhairt a clann mhac léithe gur b'ionghantach a bhí na cnódhanna ag laghdú ar an gcrann. Bhí aimhreas ortha ar searbhóghantaí an Rígh go b'iad a bhí dá ngoid. Dubhairt an chailleach leo a dhul ag faire an chrainn an oidhche seo. Dubhairt siad nach leigfeadh faitchíos dóibh mar nach raibh siad sáthach láidir lé na searbhóghantaí a bhualadh dhá dtighidís go dtí an crann.
Bhí na cnodhanna ag imtheacht ó lá go lá nó sa deiridh nach raibh aon ceann fágtha. Annsin dubhairt an chailleach nach bhféadfaidhe cur suas leis an obair seo ní b'fhuidhe agus go gcaithfidís sásamh a bhaint amach. D'orduigh an chailleach annsin dóibh dul agus an chaora a b'fhearr a bhí ag an Rígh a ghoid agus annsin nuair a ghoidfidís í go bh'féadfadh siad í a mharbhúghadh. D'imthigheadar leó ag iarraidh an chaora. Bhí orra dul thar roilig sul má shroichfidís an baile. Séard a bhí beartuighthe ag searbhóghantaí an Rígh ná duine aca dul ag goid caora a bhí ag an gcailleach agus an duine eile fanacht ins an roilig nó go dtagadh sé ar n-ais. Acht níor raibh fhíos ag an mbeirt mhac é sin.
D'éirigh leis an mbeirt mhac an chaora(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe