Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0015](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0061%2FCBES_0061_0015.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0015
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0015
- XML “Nuair is Cruaidh don Chailligh Caithfidh Sí Rith”
- XML “Seán Buí Búrca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'fhágháil agus bhíodar an-tsásta leó féin ag ceapadh go mbeadh féasta aca ar an gcaora. Nuair a bhiodar ag cainnt leó féin go meidhreach - agus ceap (an) searbhóntach an Rígh gur bé a comráidhthe fhéin a bhí ann lé caora na caillighe: "An bhfuil sí reamhar" adeir searbhóntach. Sgannruigh an bheirt mhac ar chlos na bhfocal sin dóibh agus ritheadar le na n-anam nó gur bhaineadar an baile amach. Nuair a tháinig siad go dtí an chailleach d'fhiafruigh sí dóibh cé mar d'eirigh leó agus d'innsigheadar an sgéal dí mar a thárla. Bhain sí as ins na fásgaí nó go dtáinigh sí chómh fada leis an roilig acht ní fhaca sí tada. Go dtí sin ní raibh sí i ndhon dul thar an táirsigh acht is fíor é an sean fhocal. "Nuair is cruaidh den chailligh caithfidh sí rith".
- Seán Buidhe BúrcaBa fear gan fuacht gan faithcíos do b'eadh Seán Buidhe Búrca. Ba bhaintreabhach a bhí na mháthair agus ní raibh aici acht an t-aon mhac - sé sin Seán. Bhíodh sé an-tugtha do bheith ag(leanann ar an chéad leathanach eile)