Scoil: Doireadh (uimhir rolla 12946)
- Suíomh:
- Na Doiriú Theas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig Ó Heidhin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doireadh
- XML Leathanach 0017
- XML “Seán Buí Búrca”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)den fhear a bhí na aonair. Chuaidh Seán faoi'n gcónra agus d'fhág an fear an cónra annsin aige. D'iomchur sé an cónra go dtí an teach agus nuair a d'fhosgail sé í seárd a bhí innte ná bean óg áluinn a raibh folt gruaige uirthe ar dhath an óir. Dhírigh sí aniar ins an gconra agus choinnigh sé ins an teach í acht ní raibh focal ar bith cainnte aici. Casadh na triúr bhan aríst ar Sheán agus dubhradar leis an biorán óir a bhí na cúl a bhaint as agus go dtiocfadh cainnt dí. Nuair a tháinig sé abhaile bhain sé an biorán as a cúl agus ar an bpoinnte thainigh a cainnt ar ais cuice.
Aon lá amháin bhí Seán agus an bhean ag dul tríd Aonach an Spidéil agus tháinigeadar isteach i dteach ósta agus chonnaiceadar bean istigh ann. Thosuigh sí ag caoineadh agus d'fhiafruigh Seán dí céard a bhí uirthe agus dubhairt sí, gur cailleadh a h-inghean bliadhain is an lá indiú agus gur chosamhail leis an mbean óg sin í a bhí istigh ins an teach ósta. (B'fearr) "B'fhéidir gurbh í" adeir Seán. "Ó cén chaoi a bhféadfadh sí a bheith" adeir an bhean. Thosuigh an bhean óg ag caoineadh freisin agus dubhairt sí gurbh í a h'inghean a bhí ann. Chuir an bhean na mílte fáilte roimhe agus d'innis Seán dí an sgéal mar a thárla sé. Tugadh an bhean óg agus Seán Buidhe Búrca chuig teach na mnaoi agus caitheadar tamall fada annsin nó gur thrialladar abhaile agus mhaireadar go séanmhar uaidh sin amach.- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cladhnach, Co. na Gaillimhe